Skip to main content
European Social Fund Plus

Conas feidhm a bhaint as ALMA

cooks learning in kitchen
(c) an tAontas Eorpach

Is tionscnamh é ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) atá deartha do dhaoine óga idir 18 agus 29 mbliana d’aois nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna faoi láthair (NEETanna).

Is é is sprioc do thionscnamh ALMA níos mó daoine óga a chur san áireamh go gníomhach sa mhargadh fostaíochta agus sa tsochaí i gcoitinne, agus úsáid a bhaint as an tsoghluaisteacht idirnáisiúnta mar phríomhuirlis dá bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta.

Tugann an tionscnamh deis ar leith dóibh taithí oibre a fháil agus scileanna nua a fhoghlaim i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach. Cuireann an tionscnamh seo plean pearsantaithe agus meantóireacht leanúnach ar fáil do gach rannpháirtí, agus béim ar eispéiris foghlama praiticiúla thar lear a bhaineann leis an obair. 

Ar an leathanach seo tá eolas praiticiúil d’údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), d’eagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí, agus do rannpháirtithe ALMA amach anseo. Tá tuilleadh eolas mionsonraithe le fáil sa lámhleabhar ALMA.

Údaráis bhainistíochta

Is féidir le tionscnamh ALMA cuidiú le roinnt cuspóirí sonracha CSE+ a bhaint amach:

  • fostaíocht don aos óg (a),
  • rochtain chomhionann ar oiliúint agus ar shoghluaisteacht foghlama (f),
  • cuimsiú gníomhach (h),
  • lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír agus pobal imeallaithe (i) agus (j),
  • cuimsiú sóisialta na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta (l).

Is féidir leis na Ballstáit ALMA a úsáid freisin chun ceanglais CSE+ maidir le díriú téamach a chomhlíonadh le haghaidh cuimsiú na hóige agus an chuimsithe shóisialta.  

Tá ALMA incháilithe do chómhaoiniú suas le 95% faoin tosaíocht éigeantach maidir le nuálaíocht shóisialta. Má tá clársceidealú ar siúl, is féidir ALMA a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí sonracha a bhaineann le cuimsiú sóisialta nó fostaíocht don aos óg. Is féidir tagairtí díreacha ALMA a chur leis na leasuithe cláir níos déanaí.

Ceanglaíonn Líonra ALMA Údaráis Bhainistíochta CSE+ agus Comhlachtaí Cur Chun Feidhme atá i mbun tionscnaimh ALMA nó a bhfuil sé beartaithe acu páirt a ghlacadh iontu. Éascaíonn an líonra cur i bhfeidhm thionscadail soghluaisteachta ALMA ar fud na mBallstát agus na réigiún. Chun páirt a ghlacadh nó fiosrúchán a dhéanamh, déan teagmháil le: alma@esf.lt

Leagtar amach i nGníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh roghanna costais simplithe ar leibhéal an Aontais, lena gcuimsítear spriocghrúpaí, timthriallta cláir, caighdeáin cháilíochta, agus critéir incháilitheachta. 

Eagraíochtaí seolta agus ósteagraíochtaí

Is féidir le heagraíochtaí ar suim leo a bheith ina gcomhpháirtithe ALMA clárú i mBunachar Sonraí Cuardaigh Comhpháirtíochta ALMA

Is féidir le heagraíochtaí seolta iarratas a dhéanamh ar ghlaonna ALMA ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Chun eolas faoi ghlao a fháil, déan teagmháil leis an údarás bainistíochta i do Bhallstát nó i do réigiún.

Is féidir le hósteagraíochtaí comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a bhunú le heagraíochtaí seolta. Úsáid Bunachar Sonraí Cuardaigh Comhpháirtíochta ALMA nó déan teagmháil leis an údarás bainistíochta ábhartha le haghaidh deiseanna comhpháirtíochta.

Moltar d’eintitis áitiúla eile (cuideachtaí, eagraíochtaí óige, ionaid oiliúna, etc.) clárú sa bhunachar sonraí freisin.

Rannpháirtithe ALMA amach anseo

Ní féidir le daoine aonair iarratas díreach a dhéanamh ar ALMA, agus is iad na heagraíochtaí atá á gcómhaoiniú ag cláir náisiúnta agus réigiúnacha CSE+ na heagraíochtaí a shainaithníonn na rannpháirtithe. 

Chun eolas a iarraidh faoi chur i bhfeidhm ALMA, déan teagmháil leis an údarás bainistíochta i do Bhallstát nó i do réigiún féin.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: EMPL-ALMA@EC.EUROPA.EU